← Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt sé go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh sé ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊
← Bhí siad le Brian a chrochadh ansin, ach bhí plean eile aige. 🔊
← Nuair a chuala sé an scéal, mharaigh sé coileach, agus cheangail sé máilín faoi mhuineál na mná agus líon sé le fuil na coiligh é. 🔊
← Bhí a bhean le hais na tine nuair a bhuail na gárdaí isteach. 🔊
← Chuaigh na gárdaí abhaile, agus rinne siad an cleas céanna le na gcuid mná ach níor fhéad siad iad a dhéanamh beó arís. 🔊
← Chuaigh an fear eile isteach sa mála agus dúirt sé le Brian na beithigh a dhíol. 🔊